Search Filters

An Gá atá le hAthchóiriú Rialála

Status: Published on
graphic

Cuireann an tuarascáil seo léargas ginearálta in iúl ar earnáil an chúraim sóisialta in Éirinn, chomh maith leis an rialú agus na caighdeáin atá bainteach le cúram sóisialta. Leagtar amach an argóint ar son athchóiriú rialála trí na dúshláin a bhíonn ag an bPríomhchigire a léiriú agus iniúchadh á dhéanamh ar chomhlíonadh rialachán nach bhfuil go hiomlán éifeachtach.

Chomh maith le sin, léiríonn an tuarascáil na príomháiteanna ina bhfuil freagracht bhreise de dhíth maidir le soláthar agus coimisiúnaigh ar seirbhísí sóisialta. Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil seo cabhrú le lucht déanta beartas córas rialála a dhearadh atá aclaí, gabhálach, frithghníomhach le hathrú agus comhréireach ina fhreagra, agus a chinntiú ag an am céanna go seasfar le cearta na ndaoine a úsáideann seirbhísí.

Tá físeán cruthaithe againn a mhíníonn cad atá i gceist leis an gcoincheap seo. Is féidir leat é a fheiceáil thíos.